
Mar dhuine atá mar chuid de na pobail ar a fhreastalaíonn tú, is féidir le bainistiú do ghnólachta a bheith níos deacra ná mar is gnách le linn na tréimhse seo ina bhfuil níos mó éiginnteachta agus leithlise. Téigh i dteagmháil le do chuid custaiméirí ar WhatsApp—an uirlis chéanna a bhaineann siad féin feidhm aisti le bheith i dteagmháil lena gcuid cairde agus a muintir féin.
Bí freagrach a fhad agus atá tú ag baint feidhm as WhatsApp chun dul i dteagmháil le do chuid custaiméirí. Ná déan cumarsáid ach amháin le húsáideoirí a bhfuil aithne agat orthu nó atá sásta teachtaireachtaí a fháil uait, iarr ar chustaiméirí d'uimhir ghutháin a shábháil ina leabhar seoltaí, agus ná seol teachtaireachtaí uathoibrithe nó promóisin chuig grúpaí. Má theipeann ort na dea-chleachtais shimplí sin a leanúint, b'fhéidir go bhfaighidh tú gearáin ó úsáideoirí eile nó fiú go gcuirfear bac ar do chuntas.
Le ceisteanna iomadúla bhainistiú, eolas cabhrach a chur ar taispeáint i bpróifíl ghnó agus sonraí faoi do sheirbhísí a chomhroinnt i gcatalóg, molaimid feidhm a bhaint as aip WhatsApp Business, arbh fhéidir í a íoslódáil saor in aisce. Cliceáil anseo chun breathnú ar threoir céim ar chéim faoi conas is féidir feidhm a bhaint as aip WhatsApp Business. Más gá duit do chuntas a bhogadh ó WhatsApp Messenger go haip WhatsApp Business, cliceáil anseo.
Íoslódáil an aip le haghaidh do ghutháin
Cruthaigh nasc gearr ar féidir le custaiméirí feidhm a bhaint as chun comhrá WhatsApp a thosú leat. Comhroinn an nasc trí ríomhphoist, ar do shuíomh gréasáin, ar leathanach Facebook, nó ar aon bhealach eile a úsáidtear go minic.
Bí cinnte go dtuigeann do chustaiméirí aon athrú a thagann ar d'uaireanta oscailte. Bain feidhm as do phróifíl ghnó chun na laethanta agus na huaireanta ar a mbíonn do ghnó ar oscailt a thaispeáint.
Comhroinn a bhfuil ar fáil le do chustaiméirí i bhfíor-am. Bain feidhm as grúpaí le teagmháil a dhéanamh le do chustaiméirí is fearr agus nuashonraigh do chatalóg sa chaoi go bhfeicfidh custaiméirí go héasca cén stoc atá ar fáil.
Bain feidhm as físghlaonna agus guthghlaonna criptithe chun teagmháil a dhéanamh le custaiméirí agus chun an tseirbhís chéanna a bhfuil taithí acu uirthi a chur ar fáil.
Fad agus atá líon na gcustaiméirí agus na gcuairteanna ar an siopa ag dul i laghad, d'fhéadfadh méadú teacht ar bhailiúcháin ón siopa agus ar sheachadtaí. Cuir do shuíomh beo ar siúl in WhatsApp agus tú i gcóngair don seoladh seachadta. Comhroinneann an ghné seo do shuíomh le custaiméirí agus cinntíonn sí go ndéanfar an malartú go sciobtha simplí.
An bhfuil taithí ort ar chustaiméirí ar a bhfuil ríméad gach uair a thugann siad cuairt ar do shiopa? Tabhair turas fíorúil dóibh le nuashonrú stádais.
Bain feidhm as grúpaí agus físghlaonna grúpa le comhoibriú ó chian.
Má bhíonn aon cheist agat faoi Mhol Faisnéise WhatsApp maidir leis an gCoróinvíreas, déan teagmháil linn.