Oideoirí
Más oideoir scoile nó ollscoile thú, smaoinigh faoi WhatsApp a úsáid le dul i dteagmháil le d'fhoghlaimeoirí má tá aon chur isteach ar an scolaíocht i gceist.*
Bí freagrach agus tú ag baint feidhm as WhatsApp chun dul i dteagmháil le do chuid custaiméirí. Ná déan cumarsáid ach amháin le húsáideoirí a bhfuil aithne agat orthu nó atá sásta teachtaireachtaí a fháil uait, iarr ar chustaiméirí d'uimhir ghutháin a shábháil ina leabhar seoltaí, agus ná seol teachtaireachtaí uathoibrithe nó promóisin chuig grúpaí. Má theipeann ort na dea-chleachtais shimplí sin a leanúint, b'fhéidir go bhfaighidh tú gearáin ó úsáideoirí eile nó fiú go gcuirfear bac ar do chuntas.
Ma tá tú i d'úsáideoir nua WhatsApp, cliceáil anseo chun treoir céim ar chéim a fháil ar conas cúrsaí a chur chun siúil.
*Níl WhatsApp le húsáid ach amháin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme agus Téarmaí Seirbhíse WhatsApp, an aois íosta ag a gceadaítear feidhm a bhaint as ár gcuid seirbhísí san áireamh. Ná spreag d'fhoghlaimeoirí ná do dhaoine eile WhatsApp a úsáid má tá siad níos óige ná an aois íosta atá de dhíth leis an tseirbhís a úsáid, agus ná áitigh ar fhoghlaimeoirí go gcaithfidh siad WhatsApp a úsáid ach oiread.