Eagraíochtaí Neamhbhrabúis agus Rialtais Áitiúla
Fad agus atá éiginnteacht agus uaigneas méadaithe orainn, téigh i dteagmháil le daoine i do phobal ar WhatsApp—an uirlis chéanna atá in úsáid acu le fanacht i dteagmháil lena gcuid cairde agus lena muintir féin.
Bí freagrach a fhad agus atá tú ag baint feidhm as WhatsApp chun dul i dteagmháil le do chuid custaiméirí. Ná déan cumarsáid ach le húsáideoirí a bhfuil aithne agat orthu nó atá sásta teachtaireachtaí a fháil uait, iarr ar chustaiméirí d'uimhir ghutháin a shábháil ina leabhar seoltaí, agus ná seol teachtaireachtaí uathoibrithe nó promóisin chuig grúpaí. Má theipeann ort na dea-chleachtais simplí seo a leanúint, b'fhéidir go bhfaighidh tú gearáin ó úsáideoirí eile nó fiú go gcuirfear bac ar do chuntas.
Le ceisteanna iomadúla bhainistiú, eolas cabhrach a chur ar taispeáint i bpróifíl ghnó agus sonraí faoi do sheirbhísí a chomhroinnt i gcatalóg, molaimid feidhm a bhaint as aip WhatsApp Business, arbh fhéidir í a íoslódáil saor in aisce. Cliceáil anseo chun breathnú ar threoir céim ar chéim faoi conas is féidir feidhm a bhaint as aip WhatsApp Business. Más gá duit do chuntas a bhogadh ó WhatsApp Messenger go haip WhatsApp Business, cliceáil anseo.
Íoslódáil an aip le haghaidh do ghutháin